APPLY TO BECOME A PUPPY RAISER TODAY! More info.

Breeding Volunteer - Aimée Ní Bheirn (as Gaeilge)

Le hAimée Ní Bheirn/by Aimée Ní Bheirn

Rinne mo mháthair Christine an cinneadh chun páirt a ghlacadh mar chúramóir deonach madra pórúcháin tar éis comhrá lenár gcara Catherine, (iar-thraenálaí do Mhadraí Treorach do na Daill in Éirinn). Líon sí amach an fhoirm ar líne, agus bhí an t-ádh orainn. Níor chuir sé seo ionadh orm de bharr blianta a chaith mé le madraí ag rith thart inár dteach agus mé ag fás aníos. Bhí taithí againn ag tabhairt aire do mhadraí, go háirithe bocsaeirí. Go díreach ag an am ceart, ag tús na paindéime chuir muid fáilte roimh Poppie go Dún na nGall - an chéad mhadra pórúcháin i nDún na nGall.

B’in tús an scéal grá domsa, d’éirigh mé an-cheanúil le Poppie. Bhí mé i mbun staidéar bunchéime ag an am sin ar líne gach lá. Is madra cliste, grámhar agus amaideach í Poppie, agus chaith sí a lán am liom i mo sheomra ag foghlaim faoi Ghnó agus Gaeilge le léachtóirí iontacha ar Zoom ó Fhiontar agus Scoil na Gaeilge, OCBÁC. I 2021 bhí cuain coileán ag Poppie, an ‘H-Litter’ - Harry, Hope, Hugo, Honey, Hana, Hunter, Hugh, Holly, Hazel agus Heidi. Bhí muid an-bhuíoch go raibh deis ag 5 coileán foghlaim i nDún na nGall le bunoiliúnóirí iontacha, ach anois tá siad ag treorú agus tabhairt tacaíocht do dhaoine in áiteanna éagsúla in Éirinn.

Tá Poppie ar scor anois, ach fós linn sa bhaile i nDún na nGall lena deirfiúracha Tilly agus Bella. Ba chóir dom a rá go bhfuil Poppie líofa i nGaeilge fosta!! Is aoibhinn léi an Ghaeilge a chleachtadh nuair atá ocras uirthi, mar shampla lapa, suigh síos, tiontaigh thart agus lapa in airde! Bhain mé céim BA Gnó gus Gaeilge agus MA i Léann na Gaeilge amach, agus bhí mé i gcónaí ag iarraidh m’obair leis an Ghaeilge agus Madraí Treorach do na Daill in Éirinn a cheangal le chéile.

Bhí deis againn aire a thabhairt do choileáin eile, Neptune agus bhí an oiread sin spraoi againn le chéile. Fuair muid madra pórúcháin eile tamall ó shin, Bella agus caithfidh mé a rá go bhfuil sí giota beag difriúil ó thaobh tréithe de! Bíonn sí os comhair na tine an t-am ar fad, is breá léi a bheith ag soipriú i ndaoine, agus tá sí lán le fuinneamh!! Cosúil le Poppie, bhí cuain aici i 2024 agus bhí deis againn aire a thabhairt d’Inish, Iain, Iarla, Ice, Ivy agus Iris. Tá siad uilig faoi oiliúint anois le bunoiliúnaí coileáin díograiseach sna contaetha eile.

Is teagascóir Gaeilge mé ag leibhéal na hollscoile, ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta nó foghlaimeoirí in Éirinn. Rugadh agus tógadh mé sa Ghaeltacht agus cuireann sé gliondar ar mo chroí scéal Bella agus Poppie a insint i nGaeilge. Bhí áthas orm an Ghaeilge a cheangail leis an obair dheonach le deiseanna ar Raidió na Gaeltachta agus ar an phodchraoladh, Seal le Seán. Dúirt cúpla duine liom go raibh sé go hiontach mo scéal le Poppie agus Bella a chloisteáil i nGaeilge, agus chuir sé ag smaoineamh mé.

Chuir mé cúpla ceist téarmaíochta ar ‘Téarma.ie’, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. D’fhreagair siad gan aon rómhoill, agus bhí lúcháir orm téarmaí nua a fheiceáil ar ‘Téarma.ie’ cúpla mí ó shin. Anois is féidir leat madra pobail, cúramóir deonach madra pórúcháin, coinneálaí sealadach, bunoiliúnóir coileáin agus bunoiliúint coileáin a fháil ar ‘Téarma.ie’.

Tá muid fíorbhuíoch go bhfuil na téarmaí ar fáil anois i nGaeilge, agus go bhfuil muid in ann ár bpaisean do mhadraí cosúil le Poppie, Bella agus a gcoileáin a léiriú do chainteoirí Gaeilge eile i gceart.

Subscribe to our Paw Prints newsletter to read about new litters, broods and pups!

Subscribe me